Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Nuair a bhog siad ó na seónna go dtí na hallaí damhsa. Bhí a jab féin acu uilig le déanamh, a athair ag amharc i ndiaidh an páipéarachas agus bhí a mháthair ina urlabhraí. Teach Mhicí Johnny ina raibh cónaí orthu ann i Mín a Leice. D’éirigh rudaí níos deacra dona mháthair nuair a tháinig an rock ‘n’ roll isteach. D’fhág sé féin an banna ar feadh cúpla bliain nuair a pósadh é. Thosaigh siad ag tabhairt isteach daoine úra sa bhanna. Ghlac Leo thar an bhanna óna mháthair i 1954. Bhíodh siad ag seinm seacht oíche na seachtaine sa tsamhradh agus le linn an Mary From Dungloe fosta. An Slievefoy Band an t-ainm a bhí orthu. Bhí meascán de cheol acu. | 00:06:21 | |
Bhí dúil aige sa saol a bhí aige, bhí sé ábalta a shaothrú a dhéanamh as cé nach raibh airgead mór ar bith ann. D’athraigh rudaí go mór nuair a dhruid na hallaí damhsa beaga. Bhí sé níos deacra obair a fháil ansin sna hallaí móra. Chríochnaigh sé an banna damhsa i 1966 mar nach raibh go leor oibre acu. Thosaigh sé féin ag buaileadh ansin i dtolglainn agus i mbair. | 00:04:56 | |
Cheannaigh sé fein agus Baba a mbair féin agus mar a bhuail sé an ceol ansin. Teach Leo. Rinne sé go maith ansin leis an cheol, thagadh na scaiftí gach oíche agus ó achan chearn den domhan. | 00:03:40 | |
Clannad agus mar a thosaigh siad ar dtús. Ansin iarradh orthu taisteal go tíortha eile le buaileadh. Tá siad mór le rá anois, Clannad agus Enya.
Tá athrach mór ar saol an cheoil agus an cineál ceoil atá ar fáil, rock ‘n’ roll, jazz, ceol Enya. | 00:05:17 | |